Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Release from Jan 2021 > Family Time at your Library 2021

26/11/21 - Family Time at your Library 2021

Family Time at your Library 2021 image

 

Donegal Library Service is delighted to announce our wonderful events programme for Family Time at your Library, which takes place online throughout December.

Family Time at your Library is part of the national Right to Read programme which supports a family-focused approach to children’s reading, with the aim of promoting reading as a fun, recreational activity for children, as well as part of your family’s daily time together.  We hope to increase awareness among parents and families of our services and resources for children.


With an excellent line-up this year, children have the opportunity to engage with local and national storytellers and cartoonists, the chance to construct a clay snowman, take part in arts and crafts activities, and test their knowledge with our Christmas-themed quizzes. Families can also come together from the comfort of their homes for a Christmas pyjama party hosted by our wonderful Donegal librarians. All events are free of charge.

Donna Cavanagh, Senior Executive Librarian said “Our online programme is accessible to all and we have a fun and exciting programme for you and your family to enjoy. With special guests along the way , Family Time at your Library promises to bring the magic of libraries into your homes throughout the month of December”

 

On Wednesday 1st and Thursday 2nd there will be clay snowman kits to collect from Leabharlann Phobail Gaoth Dobhair and Leabharlann Phobail Na Rosann. We have 20 free kits available in each library so make sure you get there quick! An Irish language instruction video will follow demonstrating how to make your snowman and library staff will post photographs of your craft on our social media.


On Saturday 4th December join storyteller and artist Wayne O’Connor for an online interactive storytelling adventure where the kids contribute ideas and make the choices that determine how the story goes and even how it might end! Can they solve the mystery of the vanished reindeer? Expect lots of humour and fun in this session, and early booking is strongly advised.


On Sunday 5th of December at 6:30pm Librarians from Central Library Letterkenny will round up some favourite Christmas books to help you spread a little cheer and give you a chance to spend some quality time together.


From Monday 6th   & Tuesday 7th call into Central Library & Milford Library to collect a Festive Favourites bag with a selection of Christmas books, activities, crafts and goodies. These are subject to availability and won’t be around for long so you have to be quick!


Tina Mation will be joining us on Saturday 11th at 11.00am for a live zoom drawing session.  Tina will show us how to draw her "bookworm" character followed by demonstrating how to animate the character on a book cover.


Get on your PJ’s and snuggle up together with your favourite toys, come together and wind down by listening to some festive favourites on Monday 20th at 7.00pm for our annual Christmas Pyjama Party.


For more information about the festival and lots of other events,  including booking information and event times visit www.donegallibrary.ie or follow @DonegalCountyLibrary on Facebook and @DonegalLibrary on Twitter.  All events will be made available through our Facebook page and the Donegal County Council YouTube channel.

 

 

 

Am Teaghlaigh i do Leabharlann 2021

 

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall clár imeachtaí den scoth a fhógairt mar chuid de Am Teaghlaigh i do leabharlann, a bheidh ar siúl ar líne i mí na Nollag.

Is cuid den chlár náisiúnta Ceart chun Léitheoireachta é Am Teaghlaigh i do Leabharlann a thacaíonn le cur chuige teaghlach-lárnach i leith léitheoireacht leanaí, agus é mar aidhm aige an léitheoireacht a chur chun cinn mar ghníomhaíocht thaitneamhach áineasa do pháistí, chomh maith le cuid de d'am laethúil le chéile mar theaghlach. Tá súil againn feasacht a mhéadú idir thuismitheoirí agus theaghlaigh ar na seirbhísí agus ar na hacmhainní atá againn do pháistí.


Le clár den scoth i mbliana, beidh an seans ag páistí a bheith ag plé le scéalaithe agus cartúnaithe áitiúla agus náisiúnta, an seans fear sneachta as cré a thógáil, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ealaíon agus ceardaíochta, agus a gcuid eolais a thástáil le tráth na gceist ar an Nollaig. Chomh maith leis sin, is féidir le teaghlaigh teacht le chéile, gan compord a dtinteán féin a fhágáil, do chóisir phitseámaí na Nollag arna óstáil ag na leabharlannaithe iontacha againn i nDún na nGall. Beidh gach imeacht saor in aisce.

Dúirt Donna Cavanagh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach “Tá an clár ar líne againn inrochtana do chách agus tá clár spraíúil spreagúil againn a mbainfidh tú féin agus do theaghlach taitneamh as. Agus aíonna speisialta i láthair, is cinnte go gcuideoidh Am Teaghlaigh i do Leabharlann draíocht na leabharlainne a chur sa teach agat féin i mí na Nollag.”

Dé Céadaoin 1ú agus Déardaoin 2ú  Beidh fearais fear sneachta cré le bailiú ó Leabharlann Phobail Gaoth Dobhair agus Leabharlann Phobail na Rossan. Beidh 20 fearas saor in aisce ar fáil againn i ngach leabharlann, mar sin de, déan cinnte go mbeidh tú ann go luath! Leanfaidh físeán treorach a thaispeánfaidh an dóigh le d'fhear sneachta a dhéanamh agus cuirfidh foireann na leabharlainne grianghraif den cheird s'agat ar na meáin shóisialta s'againn.


Dé Sathairn 4ú Nollaig bí linn don scéalaí agus don ealaíontóir Wayne O'Connor le haghaidh eachtra idirghníomhach scéalaíochta ar líne ina gcuirfidh na páistí smaointe ar fáil, cuideoidh siad leis an scéal a chumadh agus an clabhsúr féin a chur air! An féidir leo rúndiamhair na réinfhianna a d'imigh as a réiteach? Bí ag dréim le cuid mhór grinn agus spraoi le linn an tseisiúin seo, moltar go láidir áirithint a dhéanamh go luath.


Dé Domhnaigh 5ú  Nollaig 6:30in Baileoidh leabharlannaithe ó Lárleabharlann Leitir Ceanainn cuid de na leabhair Nollag is fearr le chéile chun cuidiú leat spiorad na féile a scaipeadh agus seans a thabhairt duit am a chaitheamh le chéile.


Ón Luan 6ú & Dé Máirt 7ú Buail isteach sa Lárleabharlann & Leabharlann Bhaile na nGallóglach le mála Rogha na Féile (Festive Favourites) a bhailiú le rogha leabhar, gníomhaíochtaí, ceardaíocht agus earraí Nollag. Beidh siad seo ag brath ar an soláthar, bí gasta nó imeoidh siad go sciobtha.


Beidh Tina Mation linn Dé Sathairn 11ú ar 11.00rn le haghaidh seisiún líníochta beo ar Zoom.  Taispeánfaidh Tina dúinn an dóigh lena carachtar “bookworm” a tharraingt agus ansin taispeánfaidh sí cad é mar is féidir an carachtar a bheochan ar chlúdach leabhair.


Cuirigí oraibh bhur PJanna agus luígí isteach le chéile leis na bréagáin is fearr libh, tagaigí le chéile agus ligigí bhur scíth ag éisteacht leis na hamhráin Nollag is fearr Dé Luain 20 ú ar 7.00in do chóisir phitseámaí na Nollag bliantúil s'againn.


Le haghaidh tuilleadh eolais ar an fhéile agus ar go leor imeachtaí eile,  eolas ar áirithintí agus am na n-imeachtaí san áireamh, tugtar cuairt ar www.donegallibrary.ie nó leantar @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter. Cuirfear gach imeacht ar fáil ar an leathanach Facebook s'againn agus ar chainéal YouTube de chuid  Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO